Fearaimis fáilte romhaibh teacht ag Spaisteoireacht linn an samhradh seo agus spraoi a bhaint as gleannta, cnoic agus cóstaí na hÉireann. Bíonn siúlach scéalach!
Pioc siúlóid Ghaeltachta agus amach libh ag spaisteoireacht leis an teaghlach.
Roinn bhur gcuid radharcanna linn, ar na tránna, easanna, aibhneacha ‘s locha, ar na sléibhte, coillte ‘s cruacha, ar na gleannta, cnoic ‘s portaigh, agus gan dabht… seoil ‘féinín den teaghlach’ chugainn chomh maith!
Cuir ainm an teaghlaigh leis na pictiúir.
Cuir ainm na siúlóide agus na Gaeltachta chomh maith.
Seol chugainn iad ar WhatsApp go (087) 246 1685 roimh an… 16 Lúnasa 2021.
Roinnfear bhur gcuid pictiúir ar na meáin shóisialta #spaisteoireacht agus cuirfear in airde iad ar www.tuismitheoiri.ie
Muintir Uí Loideáin as an nGleann Mór ar an gCeathrú Rua ag baint sásamh as a bhfuil timpeall orthu go háitiúil i gConamara.
Muintir Oibicín, Oileán Acla.
Previous
Next
Muintir Oibicín as Leitir Mucú ag spaisteoireacht, ag campáil, ag tógáil, ag cocaireacht agus ag ithe leamhaigh bhuí (marsh-mallowachaí) ar Oileán Acla.
Muintir Uí Neachtain, Neidín.
Previous
Next
Muintir Uí Neachtain ar chuairt go láthair ón gcré-umha aois i Neidín, Ciarraí.
Muintir Uí Chéilleachair, Sceilg Mhichíl.
Previous
Next
Muintir Uí Chéilleachair ar Sceilg Mhichíl amach ó chósta Uíbh Ráthaigh i gCiarraí.
Muintir Mhic Dhonncha, An Coinigéar
Previous
Next
Ag spaisteoireacht ar an gCoinigéar (An Chois) i Rinn Ó gCuanach i nGaeltacht na nDéise, stráca fada caol talún ag gobadh amach sa bhfarraige ón Rinn chomh fada, geall leis, le Dún Garbhán agus Dún na Mainistreach. Seo mar a théadh na daoine go dtín mbaile mór fadó, shiúlfadh siad chomh fada le pointe na coise agus bhíodh bád ar fáil ansin chun iad a thabhairt isteach go dtí Dún Garbhán. Tá an nath cainte ‘ag dul anonn’ fós sa chaint sa Rinn! Tá feirm oisirí sa chuan agus an tráigh lán de shliogáin na n-oisirí. Chonaicíomar sliogáin ruacain, diúilicíní agus sceana mara chomh maith.
Clann Uí Shraitheáin, Inis Bó Finne.
Previous
Next
Clann Uí Shraitheáin, Inis Bó Finne, Dún na nGall.
Muintir Mhic Suibhne, Guagán Barra
Previous
Next
Muintir Mhic Shuibhne, Cill na Martra ag spaisteoireacht i nGuagán Barra, Contae Chorcaí.
Muintir Mhic Eó, Dún Luiche
Previous
Next
Muintir Mhic Eó as Rann na Feirste. Bhain na páistí tairbhe as an phacáiste ó Thuismitheoirí na Gaeltachta agus chuaigh muid ag spaisteoireacht
i nDún Lúiche faoi scáth na hEaragaile i gContae Dhún na nGall. Chuir an t-uachtar reoite an dlaoi mhullaigh ar lá iontach!
Muintir Uí Chonghaile, Conamara
Previous
Next
Muintir Uí Chonghaile amuigh ag súil ar an gCloich Mhóir agus ar Thrá an Doilín i gContae na Gaillimhe.
Muintir Uí Lubhaing, Com Dhíneol
Previous
Next
Roibeard agus Luisne Ní Lubhaing ó Bhaile an Chalaidh, Baile an Fheirtearaigh ag spaisteoireacht agus ag spraoi ar thráigh Chom Dhíneol i gContae Chiarraí.
Muintir Uí Ghallchóir
Previous
Next
Spaisteoireacht Samhraidh - Clann Uí Ghallchóir.
Muintir Oibicín, Leitir Mucú.
Previous
Next
Muintir Oibicín amuigh faoin aer ar Bhóthar Sheanadh Mhac i gConamara.
Cairde in Acaill
Previous
Next
Orla Nic an Chalbhaigh agus Máirtín Ó Máille ag spaisteoireacht ag an Chéibh Bheag ar Acaill i gContae Mhaigh Eo.
Muintir Uí Dhonnchú, An Ceathrú Rua
Previous
Next
Clann Uí Dhonnchú ag baint sásamh as an aimsir bhreá ar an gCeathrú Rua agus lá eile ag spaisteoireacht i gConga ag tabhairt caidéis' do na bláthanna ildaite agus na lachain ag spraoi.
Aimee Nic Dhonnacha, Ceantar na nOileán.
Previous
Next
Aimee Nic Dhonnacha ag spaisteoireacht agus ag baint bláthanna i gCeantar na nOileán.
Muintir Uí Thuathail, Inis Oírr.
Previous
Next
Muintir Uí Thuathail ón Tismeán ar an gCeathrú Rua sa tóir ar na foghlaithe mara ag an bPlassey in Inis Oírr.
Muintir Uí Mhongáin, Béal a' Mhuirthead.
Previous
Next
Muintir Uí Mhongáin agus col ceathrar ag spaisteoireacht i mBéal a' Mhuirthead, Binn Éadair agus Eachléim.
Muintir Uí Dhubhda, An Spidéal.
Previous
Next
Odhrán Ó Dubhda an Spidéal - Spaisteoireacht Samhraidh
Muintir Uí Shúilleabháin, An Léim Thoir
Previous
Next
Clann Uí Shúilleabháin, Iarlaith 3 agus Dara 2, agus Mam ón Léim Thoir i gConamara.
Muintir Bonis Uí Cháthasaigh, Uíbh Ráthach
Previous
Next
Teaghlaigh Bonis Uí Chathasaigh ag siúl ó Bharr na Sráide i dtreo Leitir i gceantair Chathair Saidhbhín i bharúntacht Uíbh Ráthaigh agus ar thrá Bhá Fhionáin sa Ghleann i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh ag fearadh ar radharc na Scealg!
Muintir Uí Icídhe, Leitir Móir.
Previous
Next
Muintir Uí Icídhe amuigh faoin aer ag spaisteoireacht ar Chnoc Leitir Móir i gContae na Gaillimhe.
Muintir Mhic Ghairbheá, Tír Chonaill.
Previous
Next
Muintir Mhic Ghairbheá ag baint sult as an samhradh i gContae Dhún na nGall.
Muintir Uí Chonfhaola, Casla.
Previous
Next
Ruarc Ó Confhaola ag spaisteoireacht samhraidh i gConamara i gContae na Gaillimhe. Bíonn siúlach scéalach!
Muintir de Brún Uí Fhlaithearta i gCeann Iorrais.
Previous
Next
Siúlóidí Gaeltachta i Maigh Eo. Chaith Muintir de Brún Uí Fhlatharta saoire in oirthuaisceart Mhaigh Eo le déanaí is bhíodar ag siúlóid i gCeann Iorrais, is Ceann an Eanaigh i mBéal an Mhuirthead. Chuaigh Muintir de Brún Uí Fhlatharta go Iorrais freisin agus bhain siad an sult as an trá álainn is an siúlóid breá ansin ag Ceann Ramhar sa cheantar i nDumha Thuama i nGaeltacht Iorrais.
Muintir Uí Sheasnáin, Indreabhán
Previous
Next
Spaisteoireacht Samhraidh le Isobel Ní Sheasnáin ar an trá sa Teach Mór & bláthanna fiáine a fuair sí ar an Spidéal i gContae na Gaillimhe.