+353 (0)91 869571
+353 (0)87 376 2941
+353 (0)74 953 2640
Bhunaigh Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Oifigigh Pleanála Teanga Tóraíocht Taisce le linn 2020, chun teaghlaigh a spreagadh le súp, sásamh agus pléisiúr a bhaint as taiscí agus iontaisí an dúlra mórthimpeall orthu. Féach ar thoradh na hoibre anseo, ó Ghaoth Dobhair ó thuaidh agus Baile an Sceilg ó dheas go Ráth Chairn glas na Mí.
Taibhsí agus púcaí beaga ag baint sult agus spraoi as Oíche Shamhna le linn Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne. Bhí ana-chraic go deo ag na teaghlaigh i rith na hoíche, ag an Tae Beag agus an Comórtas Bréagfheistis a d’eagraigh Tuismitheoirí na Gaeltachta tamall de bhlianta ó shin.
Mol an óige agus tiocfaidh sí. Níl aon dabht ach go gcabhraíonn an drámaíocht leis an óige, lena bhforbairt pearsanta agus le muinín a chothú gan trácht ar deis spraoi agus siamsaíochta a chur ar fáil. Cuir ar stáitse í agus bláthóidh sí, faoi mar a léirigh an dráma seo i gConamara!