
Siúlóid na Cille, Corca Dhuibhne
Ag Tóraíocht Taisce ag Siúlóid na Cille, Dún Chaoin i gCiarraí, áit ar aimsigh Muintir Uí Eartáin an Donnóg Féir, Caoróg Mhara, Scoil ón scannán
+353 (0)91 869571
+353 (0)87 376 2941
+353 (0)74 953 2640
Tá breis agus 200 teaghlach cláraithe do Thóraíocht Taisce don Teaghlach i mbliana, léiriú ar an tsuim ollmhór atá ag tuismitheoirí agus a gclann sa dúlra agus sa timpeallacht. Daoibhse nár chláraigh in am don phacáiste tóraíochta, is féidir páirt a ghlacadh linn fós.
Cuirfear na Tóraíochtaí Taisce ar fad – Liostaí den fhiadhúlra, Grianghraf, Ainm an Teaghlaigh agus Ainm na háite in airde ar an suíomh anseo, idir seo agus an 12 Meitheamh 2021, deis daoibhse dúlra agus áilleacht bhur gceantar féin a chur os comhair an domhain mhóir!
Agus is féidir páirt dhíreach a ghlacadh sa cheiliúradh ar an 12 Meitheamh 2021 tráth a bheidh óige na hÉireann ag ceiliúradh Cruinniú na nÓg, ach bhur gcuid tóraíochtaí féin a roinnt ar na meáin shóisialta le #TóraíochtTaisce agus #Cruinniunanog
Bainigí súp agus pléisiúr as ár dtaiscí galánta áitiúla, ach ná fág bhur lorg orthu!
Ag Tóraíocht Taisce ag Siúlóid na Cille, Dún Chaoin i gCiarraí, áit ar aimsigh Muintir Uí Eartáin an Donnóg Féir, Caoróg Mhara, Scoil ón scannán
Ag Tóraíocht Taisce ag Mainistir Bheightí, lamh le Ráth Chairn i gcontae na Mí, áit ar aimsigh Muintir Mhic Giolla lasachta crann uill, cuileoga, Bbeigthigh,
Ag Tóraíocht Taisce ag Mainistir na Croise in Iorras, Contae Mhaigh Eo, áit ar aimsigh Muintir Uí Raghallaigh Feamainn Bhoilgíneach, Smugairle Róin, Mainistir na Croise agus
Ag Tóraíocht Taisce ag Cuan na Coime ar Acaill, Contae Mhaigh Eo, áit ar aimsigh Muintir Sedlak Duileasc, Sleamhcán, Carraigín, Diúilicíní, Faocháin, Cruachán agus Túr
Tóraíocht Taisce ag Mainistir an Riaisc i gCorca Dhuibhne, Ciarraí. I dteannta an mhainistri álainn d’aimsigh Muintir Uí Eartáin Deora Dé, capaill sa ghort agus
Ag Tóraíocht Taisce ag Deitgimleach, Baile Chonaola, Conamara, áit ar aimsigh Muintir Bayda féar portaigh, caoirigh, capaill, asail agus fothrach staisiuin raidió Ghuglielmo Marconi agus
Tóraíocht Taisce ag Gleann Toman, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall, áit ar aimsigh Muintir Mhic Chnaimhsí Crann Beithe, Ciaróg Thíograch agus sean seipéal i
Ag Tóraíocht Taisce i gCom an Lochaigh, Feothanach, Ciarraí. D’aimsigh Muintir Uí Eartáin Feileastram Dearg, Airgead Luachra, Eas Chom na Caillí agus Droichead thar Abha na
Ag Tóraíocht Taisce ar Chnoc na dTobar, Uíbh Ráthach, Ciarraí Theas, áit ar aimsigh Muintir Bayda raithneach, fraoch, caoirigh, 15 de chroiseanna ar an gcnoc
Ag Tóraíocht Taisce ar Chnoc Bréanainn ón Leitriúch, Corca Dhuibhne, áit ar aimsigh Muintir Uí Eartáin Aiteann Gaelach, faoch, neart caorach, reic eitleáin agus radharc
Ag Tóraíocht Taisce ar Cheann Iorrais i dtuaisceart Mhaigh Eo. Muintir Uí Raghallaigh ag faire amach ón dtúr faire áit a chonacadar ceannbhán caolduilleach, snathaid
Ag Tóraíocht Taisce ag Baile Uí Chonaill, Cloich Cheann Fhaola, áit ar aimsigh Muintir Grain Seiceamar & Castan Capaill, Gormán Coiteann, Spideog, Droichead an tSeaniarnród
Ag Tóraíocht Taisce ar thráigh Béal Bán, Corca Dhuibhne, áit ar aimsigh Muintir Uí Eartáin noiníní móra, An Droimneach Mór, Portan Glas i muirligh sáile
Ag Tóraíocht Taisce ar Baile an Sceilg, Uíbh Ráthach, Ciarraí Theas áit ar aimsigh Muintir Bayda Deora Dé, ba agus Caisleán aoibhinn Bhaile an Sceilg.
Ag Tóraíocht Taisce ar thrá Ghaoth Dobhair i nDún na nGall. Bhí an-spraoi ag Muintir Grain i mbád Eddie agus d’aimsíodar Crosóg Mhara agus Fearbán