Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht.

Léiríonn Taighde Teaghlaigh  a foilsíodh ar an 29 Iúil 2021 gur 2,889 teaghlach atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht.   Is ionann an méid sin agus 23% den líon iomlán 12,586 teaghlach atá ina gcónaí sa Ghaeltacht. An Phríomh-Oifig Staidrimh a chuir na figiúirí seo ar fáil go heisiach don taighde, ó Dhaonáireamh 2016, […]

Spaisteoireacht Samhraidh

Bígí ag spaisteoireacht linn ar na Siúlóidí Gaeltachta is fearr libhse agus roinnigí bhur gcuid radharcanna linn ar Whatsapp (087) 246 1685 roimh Luan an 16 Lúnasa 2021. Tá hataí nua Thuismitheoirí na Gaeltachta le buachan! Uaslódáil pictiúr le dathú 

Ceangal na mBróg

Ní bréag ar bith a rá gur tasc dúshlánach é ceangal na mbróg do go leor páistí ach ní gá dó a bheith má éiríonn siad cleachtach leis an gcoincheap tré imirt agus spraoi. Seo a leanas atá uait: Bosca uibheacha, pollaire, dhá iall nó dhá bharriall. Is fearr iallacha de dhathanna difriúla a úsáid. […]

Éist le Scéal

Éist le Scéal Sraith ghleoite scéalta le cloisint ANSEO a chabhróidh go mór le páistí feabhas a chur ar a gcuid léitheoireachta. Cuireann scéalaithe éagsúla na scéalta ina mbeatha don éisteoir óg, ina measc Gabriel Rosenstock, Máire Breathnach, MacDara Ó Conaola agus Mícheál Ó hUanacháin. I measc na scéalta tá Cití sa Gheimhreadh, Oíche na Stoirme, An Sionnach […]

Gaeilge do Thuismitheoirí

Gaelige do Thuismitheoiri

Gaeilge do Thuismitheoirí https://irishforparents.ie/resources-for-parents/ Acmhainní do thuismitheoirí le páistí ag fáil oideachas lán-Ghaeilge.

Déan Comhrá

Dean-Comhra

Leabhrán beag deas é seo do thuismitheoirí gur mhaith leo tosnú ar Ghaeilge a úsáid lena gcuid leanaí. Tá sé lán de frásaí simplí gur féidir a úsáid gach lá ag an baile.  Mol an óige agus tiocfaidh sí, agus nuair a mholtar leanaí as a gcuid Gaeilge fásann siad aníos le muinín sa teanga. Má […]

Ní haon joc é leanaí a thógaint!

Ag rith is ag ráis, siar ‘s aniar ó dhubh go dubh. Is iomaí bean i mbun tí, sláinte a cuid leanaí, ina cócaire ‘extraordinaire’, ina tiománaí tacsaí agus fiche rud eile. Deineann na fearaibh a gcuid féin leis, obair dhifriúil, ar scála eile b’fhéidir, ach bíonn ról chomh tábhachtach céanna acu beirt i múnlú […]