Babaí ar an mBealach

Ceardlanna réamhbhreithe do lánúin atá ag súil le páiste é Babaí ar an mBealach arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta. Beidh an chéad cheardlann ar siúl in ionad Splanc ar an gCeathrú Rua Dé Sathairn an 2 Iúil. “Beidh ceardlanna ar siúl i nGaoth Dobhair, i gCorca Dhuibhne agus i gConamara sa bhFómhair agus agus […]

Cuideachta faoi lánseol

Clár teaghlaigh nua é Cuideachta a chuireadh ar bun do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge. Comhoibriú idir Tuismitheoirí na Gaeltachta agus na hOifigigh Pleanála Teanga atá i gceist le Cuideachta, clár do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge. Tabharfar teaghlaigh le chéile go háitiúil agus cuirfear ócáidí taitneamhacha, spraíúla ar […]

Leabhair atá aois oiriúnach

Ag lorg leabhar Gaeilge a bheadh oiriúnach dod’ pháiste? Ar mhaith leat leabhar i do chanúint féin a roghnú? Bhuel, tá cúnamh ar fáil anois! Ar iarratas ó thuismitheoirí, tá liostaí leabhar curtha le chéile ag TnaG a chuirfidh moltaí ar fáil faoin réimse breá leabhar i nGaeilge do dhaoine óga atá ar an margadh […]

Suirbhé Cula 4

Tá TG4 ag beartú cainéal Gaeilge ar leith do leanaí agus daoine óga a bhunú.  Tá bhur gcuid thuairimí á lorg acu maidir le tábhacht an chainéil, a luachmhaire a bheadh sé agus an tóir a bheadh air. Seo éileamh atá á dhéanamh le fada ag Tuismitheoirí na Gaeltachta agus ba mhór againn dá líonfadh […]

Oifig na Mumhan – Roibeard Ó hEartáin

Is i mbun imeachtaí agus seirbhísí a fhorbairt do theaghlaigh atáimse sna cúig cheantar Ghaeltachta i gCúige Mumhan – Cléire, Múscraí, Corca Dhuibhne, Uíbh Ráthach agus na Déise ón oifig i nDíseart an Daingin i gContae Chiarraí. Deis a thabhairt do thuismitheoirí teacht le chéile ar a gcompord lena gcuid leanaí i dtimpeallacht Gaelainne an […]

Comhrá Cosáin

Tá an leabhar Comhrá Cosáin – agallaimh bheirte agus lúibíní do dhaoine óga ar fáil le ceannach i Splanc! Oifig Thuismitheoirí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua ar phraghas speisialta de €10. 36 Agallamh Beirte 19 Lúibín 30 Údar Foilsithe ag Cló Iar Chonnacht i gcomhar le Tuismitheoirí na Gaeltachta agus curtha in eagar ag […]

Riarthóir – Erin Bhreathnach

Tá mise ag obair le Tuismitheoirí na Gaeltachta ó mhí an Mhárta 2019.  Is riarthóir oifige mé i bpríomhoifig Thuismitheoirí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua. Tá muid ar ais san oifig anois le cúpla seachtain agus rudaí faoi lán seoil anseo, bíonn mise lonnaithe ag an deasc Fáiltiú, agus is álainn ár gcairde a fheiceáil […]

Connachta / Laighin – Méadhbh Ní Ghaora

Chuir mise tús le mo phost mar Oifigeach Forbartha do Chúige Chonnacht agus Laighean i mí Méan Fómhair 2020, tréimshe dúshlánach go leor ó thaobh cúrsaí covid dhi, ach shocraigh mé isteach go maith. Is ar líne is mó a bhí na himeachtaí ar bun, ach d’éirigh liom ceann nó dhó a reáchtáil i measc […]

Tír Chonaill – Eilín Ní Bhaoill

Tá mise ag obair mar Oifigeach Forbartha i dTír Chonaill ó mhí na Samhna 2019 agus tá m’oifig lonnaithe sa Chrannóg i nGaoth Dobhair. Ní raibh mé sa phost ach seal beag nuair a tháinig na srianta sláinte i bhfeidhm sa tír agus cosúil le gach eagraíocht eile bhí orainn dhul malairt slí lenár modh oibre, […]

Connachta / Laighin – Aisling Nic Dhonnacha

Athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise dhaoibh a chairde, tá súil agam go raibh briseadh deas agaibh le haghaidh na Nollag. Tá mise ag obair mar Oifigeach Forbartha i gCúige Chonnacht agus Laighean i bpríomhoifig Thuismitheoirí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua i gConamara. Is iad ceantar na Ceathrún Rua, Ceantar na nOileán, Oileáin Árann, Bearna […]

Pota Stóir na Nollag ar díol

Tá muid ar mhuin na muice an aimsir seo mar go bhfuil Peppa Pig ar fáil i nGaeilge anois agus ní h-amháin sin ach go bhfuil sí le fáil i bPota Stóir TnaG mar atá leabhar nua Daidí na Nollag le Áine Ní Ghlinn agus Mr Ando. Tá bailiúchán álainn de tháirgí na Nollag i […]

Ceiliúradh na nÓg – Oireachtas 2021

Dé hAoine 29 Deireadh Fómhair @ 5 a chlog Beidh ‘Ceiliúradh na nÓg’ a chraoladh beo ar leathanach Facebook agus ar chainéal YouTube ‘Tuismitheoirí na Gaeltachta’. Ní gá cuntas a bheith agat ar aon leathanach le teacht ar an seó! Treoracha do YouTube (gan cuntas): Seo an nasc chuig cainéal YouTube Thuismitheoirí na Gaeltachta https://www.youtube.com/channel/UCVmCfBVDlCCsozG9cA6K20A/videos  Ar […]

Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht.

Léiríonn Taighde Teaghlaigh  a foilsíodh ar an 29 Iúil 2021 gur 2,889 teaghlach atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht.   Is ionann an méid sin agus 23% den líon iomlán 12,586 teaghlach atá ina gcónaí sa Ghaeltacht. An Phríomh-Oifig Staidrimh a chuir na figiúirí seo ar fáil go heisiach don taighde, ó Dhaonáireamh 2016, […]

Cuireadh – Cur i láthair ar an tuarascáil taighde

Ba mhór ag Tuismitheoirí na Gaeltachta tú a bheith i láthair ag cur i láthair ar líne ar an tuarascáil taighde: ‘Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta’ leis na húdair: An Dr Neasa Ní Chuaig, An Dr Conchúr Ó Brolcháin, An Dr Karen Ní Chlochasaigh […]

Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht.

  Léiríonn Taighde Teaghlaigh atá foilsithe inniu (Déardaoin 29 Iúil 2021) gur 2,889 teaghlach atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht. Is ionann an méid sin agus 23% den líon iomlán 12,586 teaghlach atá ina gcónaí sa Ghaeltacht.    An Phríomh-Oifig Staidrimh a chuir na figiúirí seo ar fáil go heisiach don taighde, ó Dhaonáireamh […]