Is muide an chéad ghlúin eile
Eagraíocht náisiúnta Gaeltachta í Tuismitheoirí na Gaeltachta a chuireann tacaíocht, cúnamh agus comhairle ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht nó ar mian leo a leithéid a dhéanamh.
Tá Pacáiste Tacaíochta ar fáil do theaghlaigh (PTT) mar atá réimse leathan imeachtaí fud fad na Gaeltachta.
Más spéis leat a bheith páirteach linn sa Ghaeltacht, cliceáil TnaG chun do theaghlach a chlárú linn.
Pacáiste Tacaíochta Teaghlaigh

Tá an Pacáiste Tacaíochta Teaghlaigh (PTT) ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge, nó gur mhaith leo níos mó Gaeilge a úsáid sa bhaile.
Má tá cónaí ort ar oileán na hÉireann agus go bhfuil leanbh nó leanaí agat faoi bhun 5 bliana d’aois, cliceáil PTT chun an Pacáiste Tacaíochta Teaghlaigh a fháil. Eolas breise nó eolas i mBéarla.
Tuismitheoirí na Gaeltachta

Tá tacaíocht, seirbhísí agus imeachtaí ar fáil ó Thuismitheoirí na Gaeltachta do theaghlaigh fud fad na Gaeltachta.
Más spéis leat do chlann a thógáil le Gaeilge agus go bhfuil cónaí ort sa Ghaeltacht, nó go bhfuil bhur gcuid leanaí ar naíonra/scoil Gaeltachta, bígí linn. Is féidir do theaghlach a chlárú linn anseo thíos. Eolas breise.
Imeachtaí do theaghlaigh Gaeltachta
Is anseo atá réimse gníomhaíochtaí de chuid Tuismitheoirí na Gaeltachta, idir imeachtaí sóisialta agus ócáidí cultúrtha agus seirbhísí. Bionn an-chuid ar siúl againn fud fad na Gaeltachta. Más spéis leat páirt a ghlacadh in aon cheann de na himeachtaí seo agus aithne a chur ar theaghlaigh eile ata ag tógaint a gcuid paistí le Gaeilge, seo leat!

Nuachtlitir



Cúige Chonnacht / Laighean:
-
Príomhoifig: Aonad 3B,
Páirc Ghnó na Ceathrún Rua,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe.
Cúige Mumhan:
-
Oifig Réigiúnach na Mumhan:
Baile an Fheirtéaraigh,
Corca Dhuibhne,
Co. Chiarraí.
Dún na nGall:
-
Oifig Réigiúnach Dhún na nGall:
An Chrannóg,
Sraith na Corcra, Doirí Beaga,
Co. Dhún na nGall.